Gloine Scártha (Parting Glass) Chaitheas lán an tsochair a fuair mé ‘riamh go macánta i gcomhluadar is cuí. Ní mór an dochar a rinn’ mé ‘riamh nár filleadh orm faoi dhó nó trí. Pé labhra ar bith a ghoill ar do chroí, díth céille is mó ba chiontach ann. Líonaigí an ghloine ó bhonn go barr. Tá sé i ndán dom scaradh uaibh, is fágfad slán. Táim buíoch den tsaoi a chruthaigh an bád, is mairnéalaigh a stiúradh go cruinn trí stoirm is gála a choinnigh a tslí. Guím maith dhóibh siúd go lá mo bháis. Ach casta an chaoi go deireadh an tsaoil, Is caithfear breith ar an ngaoth chuig crích. Tógaigí an ghloine arís go h-ard. Tá sé i ndán dom scaradh uaibh, is fágfad slán.